Bhí Seachtain na Gaeilge iontach againn. Léigh Violet Nuacht an Lae ar an gcéad lá – maith thú Violet!

Rinne na cailíní go léir an-iarracht Gaeilge a labhairt sa seomra ranga. Bhuaigh gach cailín a lán ticéad. Bhí Cluiche Bingó againn freisin. Buíochas le Amisha don smaoineamh iontach!

Rinneamar drámaíocht leis na gcomhrá as Abair Liom. An bhfaca tú iad ar Seesaw?

Rinneamar hata fíor-álainn sa cheacht Ealaíne.

Bhí céilí againn sa chlós. Rinneamar cleachtadh le chéile.

Fuair Sophie agus Amelia duais ag an gCrannchur.

Bhí Comórtas Ealaíne againn. Bhuaigh Aimee an chéad duais. Comhghairdeas, a Aimee!